I bpáirc in aice ár dteach, tá cloch an-mhór agus faoi an gcloich mhóir sin, deirtear go bhfuil pota óir. I bhfad, i bhfad ó shin, bhí na daoine ag iarraidh na cloiche mhóire a thógáil ón áit, agus pota óir a fhágáil freisin, ach nuair a bhí siad ag iarraidh é a thógáil ón áit, deirtear gur chuir an cloch mhór insna bpoll a rinne siad. Deirtear freisin gur chuir na sídheoga an pota óir ann, mar bhí fear insa gceanna agus deirtear gur thug sé congnamh do na sídheóga uair amháin, agus nuair a fuair an fear sin bás, níorbh féidir le aon duine eile an pota óir a thógáil ón áit sin amach.
Muireann Ní Chonnalta, Cille
Tom Nalty, Kille, Aged 80yrs
Ó a sean athair