School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire

Filter stories

Back
/ 082 Forward
Resolution: Low | High
Naomh Seosamh, Shrule | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bealoideas
sé ainm mo bhaile sruthar agus tá sé i bparáiste (Sruthar) freisin. Tá suas le caogadh tighthe ann agus tá (sl---) ar an gcuid is mó aca. Tá alán fothracha tighte ann freisin. Fuair Sruthar a ainm ón sruith fola a bhí ann in dhiaidh catha fadó a bhí ar an droichead i Sruthar. Níl morán sean-daoine os cinn seachtmhad bliadhna agus tá Ghaedhilg aca. Tá talamh mhaith thart ar an áit seo. Tá loch laoich is an Abha Dubh ann. Tá scéal faoi loch laoich tagann bó is (laoch) sus ohn loch gach seacht mblian.
Dinnis mo athair an scéal sin dhom. Tomás Ó Cnámhtain

Collector
Tomás Ó Cnámhtain
Gender
male
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish

Béaloideas
Tá rath i mbóthar na Maca agus tugtar Dún na n-Óir mad ainm air. Tá ceann eile i gCnoc Rúin agus tá siad sin i radharc a chéile. Deirtear go bhfuil na sidhéóga in gcómhnaidhe ins na dúnta sin agus bíonn faitchíos ar na daoine dul ar an mbothar sin san oidhche. Bhí poll sa gceann i gCnoc Rúin fadó acht dúnadh isteach é. Deirtear go bhfuil pota óir da dún i mbothar na Maca agus go bhfuil cat ag tabhairt aire dhó.
D'innis m'athair an scéal seo dhom.
Pól Ó Duadhacháin