School: Naomh Seosamh, Shrule
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Reachtaire

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 059
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Shrule
- XML Page 059
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)the firt person he looks at is the first person to die.Bealoideas: 28-6-'38
Tá ba againn. Tugann muid Betty ar an mbó nach bhfuil na h-adharca uirri agus tugann muid Maoilín ar an mbó mhaol. Nuair a bhíonn mé ag tiomáint na ba deireann mé [?] amach as sin." Tugann muid an stábla mór ar an stábla in a mbíonn na ba ann. Cuireann muid tuighe cruineachtan faoi na ba. Cuireann muid rópa thart ar a muineál agus ceanglann muid í leis an mballa Cuireann muid crudh chapaill ins an stábla go mbeidh [?] ann.Béaloideas
Níl ins an bpárráiste seo acht reilig amháin agus tá an ceann sin i Sruthar. Tá cuma cearrógach air. Tá fothrach sean séipéil ann. Is ceann Protusdúnach é. Bhí fear ins an áit seo gan mórán céille agus Domhnach amháin nuair a bhí na daoine ann las sé an ceann a bhí air mar ceann tuighe a bhí ar an séipéal an t-am sin, dubhairt sé gur las sé na diabhail istigh ann. Chomhnuigh an fear sin in aice leis an séipéal i mBéal an Átha.- Collector
- Pól Ó Buadhacháin
- Gender
- Male
- Collector
- Tomás Ó Cnámhtáin
- Gender
- Male