School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 054
  3. XML “Béaloideas”
  4. XML “Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am fadó bhí tighearna talmhan ar a tugadh Murcadha in a thighearna ar an limistéar talmhan ar a tugadh Tóin a' Chúilín. Bhí sé in a cómhnaidhe i mBaile Átha Cliath. Thagadh sé gach blian ins an Earrach. Bhí meas mór ag na daoine air mar bhí sé an-lághach. An lá a bhíodh sé ag díol a chuid talmhan bhíodh sé in a lá mhór aca. Bhiodh seana gach dighe agus rogha gach biadh aca. Bhí smacht mhór aige ar na daoine freisin
    Dinnis Máirtín Ó Ceóinín as Cathair Mhór faoí an tíghearna talmhan seo dhom.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ba iad na tighearnaí talmhan a bhí thart annseo fadó na Ciardhubháinigh agus na Cliffords. Comhnuigheadar i nDealgan. Ciardhubháíneach a rinne an teach ann. Ba uncal do de Clifford an Ciardhubháineach agus thug sé an teach dhó nuair a bhí sé ag fághail báis. Cuireadh an Ciardhubháineach i nDealgan ins an tuama. Tá an tuama sin le feiceál fós. Nuair a bhí sé cúpla bliadhna churtha i nDwealgan tógadh é agus cuireadh é ins an roilig i Sruthar. Deir na daoine go bhfuil carráiste le feiceál ag dul ó Dealgan go Sruthar thart ar an dhá dhéag a clog ins an oidhche agus ceithre capaill gan ceann ar bith orra agus an Ciardhubháineach ins an gcarráiste.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cnámhtáin
    Gender
    Male