School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 050
  3. XML “Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-bhóithre i gClúain na Míoltóig. Téigheann ceann aca go Cortún ceann sile suas go Cathair Mhór, ceann eile go Túirín agus ceann eile isteach go sean [?] tein' aoil. Rinnead iad in aimsear na bhFíníní. Tá trí cinn aca in úsáid fós. Na fir a bhí ag obair ionnta agus fuair siad sgilling agus dá thuistiúin gach lá. Ní bhíodh na mná ag obair ionnta ar chor ar bith. Tá sgéal faoi ceann de na bóithre. Uair amháin bhí fear agus buachaill óg ag siubhal ar an mbóthair lá. Tháinig tarbh fiadhain agus mharbhuigh sé an fear agus dith sé é. Rith an bhuachalla agus rith an tarbh in a dhiaidh agus sháith se na h-adharca é gcóta an bhuachalla agus chuir sé suas ins an aer é agus nuair a tháinig sé anuas bhí sé sa mbaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Maoilmhicil
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín Ó Riain
    Gender
    Male
    Address
    Dalgan Demesne, Co. Mayo