School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 041
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a chomhnuidhe i mBóthar na Macha uair amháin agus [Ceói]nín an t-ainm a bhí air. Bhí athair Cheóinín in a chodlad oidhche [amh]áin agus tháinig fear go dtí an fhuinneóg. D'iarr an fear an [dor]as a fhosgailt agus go rachadh sé fhéin isteach. D'iarr athair [Cheói]nín a ainm uaidh agus thug sé ainm chomharsan a bhí in a [cho]nuidhe gar go maith do'n áit. Dubhairt an fear leis go marbhóchadh sé [é] muna leigfeadh sé isteach é. Dubhairt sé leis go bhfeicfeadh sé rud [ ?] an maidin in a dhiaidh sin agus go gcreidfeadh sé é. An mhaidin [in] a dhiaidh sin chonnaic sé a hata a bhí in aice leis an teine agus [ ?] dath fola air agus bhí an fhuil ag tuitim dhe. Chuir sé fios [ar] an sagart agus nuair a tháinig an sagart, thosuigh sé ag [lei]gheamh as leabhar paidrín gur tháinig an dath cheart arís ar an hata.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán Ó Gabháin
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo
    Informant
    Seaghán Ó Gabháin
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo
  2. [Bhí fear ann uair amháin agus gadaidhe a bhí ann. Bhí sé in ann aon rud a ghoid i ngan fhios do na daoine. Bhéarfadh na daoine [air]gead dhó dá múinfeadh sé na buachaillí óga an bealach ceart [le] goid. Bhéarfadh sé na buacaillí amach leis annsin agus mhúinfeadh [sé] iad. Bhí fear ann agus ba mhaith leis a mhac a bheith in a [gha]daidhe. Thug sé airgead do'n gadaidhe le na mhac a mhúineadh agus [thu]g an gadaidhe an buachaill óg amach leis óidhche amháin le rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.