School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 028
  3. XML “Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lá pátarún i gConnamara, tuairim is fiche bliana ó shin. Bhí dhá dream daoine le bheith ag troid agus bhí duine is fiche ar gach taobh . Bhíodar le bheith ag troid le fásanna fuinnséoige. Bhí dhá cheann-port ortha agus bhí ceann acu óg agus an ceann eile aosta. Bhí an fear óg agus an inghean agus an fear aosta ag caint an lá roimh an troid agus duirt sí leis, "Ná buail m'athair trom" ar sise. "Ní bhuailfidh mé trom é agus is mé féin agus d'athair a buailfidh an dá chéad bhuile". Bhuail an beirt ceannphort an dá chéad buile agus thosuigh an troid ar an bpoinnte. Bhíodar ag bualadh a chéile agus cruinneadh ead mór daoine ag feachaint orta. Bhí cuid acu gonta agus cuid acu líonta le fuil. Nuair a bhí an troid críochnuighthe, thug na daoine a bhí ag feachaint a bhfir féin síos go dtí an teach ósta agus bhíodar ag damhsa annsin nó go raibh sé in am an síopa a dhúnadh. Chuaidh gach duine a bealach féin abhaile annsin. Ar mhaidin lá ar na bhárach chuaigh an fear óg amach ar sliabh agus fuair sé capall ann, agus chuaigh sé go teach an fhir aosta. "Bail ó Dhia isteach annseo". Go mbá é dhuit". Bhí an fear aosta in aice leis an teine agus é speataráilte le fuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Pól Ó Buadhachain
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín Ó Ceóinín
    Gender
    Male
    Address
    Carrowmore, Co. Galway