School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire

Filter stories

Back
/ 082 Forward
Resolution: Low | High
Naomh Seosamh, Shrule | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

inghean acht ní phosfadh aon fhear í, Nuair a bhí sé ag fághailt báis chuir se an pota óir faoi an gcaisle an agus dfhág sé luch mór le'n a chosaint. Bhí fear i Sruthar ag iarraidh an photo a dgághailt. Richard Golding an t-ainm a bhí air.

Sgéal

Bhí bean in a comhnuidhe ar "Chnoc [< Cnuich] Mágha. Bhí gé aicí. Dimthigh sí suas an cnoch gach maidin. Lean an bhean í maidin amháin. Chuadar suas an cnoch. Isteach leis an gé ag doras beag ar taobh an cnuich. Lean an bhean í. Nuair a bhí an bhean isteach tháinigh bean áluinn suas chuicí. Diarr sí uaithi an raibh sí in ann lín a sníomhadh aghus dubhairt an bhean go raibh sí in ann. Thug an bean sidhe píosa lín dí le sníomhadh agus dubhairt sí gan a méaracha [< mearacha] dfhliuchadh agus í ag sníomhadh. Thóg sí abhaile [< abaile] an lín agus nuair a bhí sí [< bhí] ag sníomhadh d'fhliuch [< dfliuch] sí a méaracha i ngan fhios dí fhéin. Nuair a thug sí an lín do'n sídheóg chaith [< caith] sí ar cúl na teineadh é agus thóg sí an lín amach agus bhí dhá spota dubha [< dubh] air. Bhí an sídhéóg ar buile agus thug sí píosa lín eile do'n bhean. Shníomh [< Sníomh] sí an píosa seo gan spota. Bhí an sídheóg (ar buile) go h-an [< h-ann] sásta agus thug sí lán áprúin de ór do'n bhean. Béigin dí an t-ór ar fad a bheith imthighthe roimh mí. Cheannuigh sí beithigh agus caoirigh agus díoch sí an cíos do'n fhear cíosa [< cíos] dár b'ainm dó Ciardhubháin i nGort Lagach. Chuir sé an t-ór i mbosca. Ar maidin

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó Cnámhtáin
Gender
male
Informant
Bean Ní Céileachán
Gender
female
Language
Irish