School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 011
  3. XML “An Saighdiúir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Saighdiúir
    Bhí fear in a chomhnuidhe thíos i nGoirtín uair amháin agus bhí mac aige. Nuair a cailleadh an bean phós an fear bean arís. Bhí an bhean [< bean] sin an-chruaidh [< an cruaidh] ar an leas-mac. Nuair a bhí sé suas in a fhear óg d'imthigh sé agus liostáil sé go seacht mbliadhna. Nuair a bhí na seacht mbliadhna caithte aige tháinig sé abhaile agus bhí beagán airgid [< airgead] aige agus thug sé an t-airgead dá athair. Nuair a bhí an t-airgead caithte aca annsin thosuigh siad ag troid leis arís. D'imthigh [< D'imhthigh] sé amach arís agus liostáil [< liostail] sé ar feadh ceithre bliadhna déag. Nuair a bhí na ceithre bliadhna déag caithte aige tháinig sé abhaile agus cheannuigh [< ceannuigh] sé bo agus bhí beagán airgid [< airgead] fágtha aige agus thug sé dá athair iad. Nuair a bhí an t-airgead sin caithte aca thosuigh siad ag troid leis arís. Chuaidh sé síos go "plantation" [< "bplantation"] a bhí i nGoirtín agus tá cnocán ann ar a tugtar Cnoc a Dúinín agus dubhairt sé "go raibh mé ag an diabhal agus an sean diabhal in ifreann go dtagann mé annseo arís". D'imthigh leis arís annsin agus liostáil sé blian is fiche. Nuair a bhí sé sin caithte aige bhí sé ag eirghe sean agus dubhairt sé go rachadh sé abhaile go bfeiceadh sé an raibh na sean daoine beo agus d'imthigh leis abhaile. Tháinig an oidhche air ar an mbealach agus chonnaic sé teach duine uasal agus chuaidh sé isteach ann agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish