School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 005
  3. XML “An Táilliúir a Chuaigh ar Shiúl”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tosbáinfidh mé an Caisleán duit”. “Seo [< duit. Seo] é an leabaidh in a raibh na fir in a luighe”, ars [< luighe ars] an fear uasal. “Fágfaidh [< Fágfaidh] mise do sháith le n-ithe do sháith le n-ol agus píopa agus tobac agus nuair bhéas mise ag fágáil seo cuirfidh mé an glas ar an doras agus fagfaidh mé tú istigh”. Tháinig an fear annsin leis an mbiadh. Dimthigh an fear arís agus chuir sé an glas ar an doras agus dubhairt sé “beannacht leat” Bhí an tailliúr annsin go h-an spóirteamhail in a shuidhe [< suidhe] ar cathaor frámáilte ag caitheamh tobac agus ag ól uisge beatha. Nuair a bhuail sé dó-dhéag a chlog san oidhche tháinig tríur fir agus cónra aca. Táinigeadar anuas an staighre agus dfhágadar an cónra in aice leis an tailliúr agus níor labharadar focal leis. Chuadar suas an staighre arís annsin Dubhairt an táilliúr go bhfeicfeadh sé céard a bhí sa gcónra agus dfhosgail sé é. Bhí fear ins an gcónra agus bhí féasóg air. Bí sé cómh fuar leis an leac-oidhre agus thóg sé suas é agus dubhairt sé go dteitheadh sé é leis an teine. Ní raibh sé in ann é a theitheadh agus chuir sé ins an leabaidh é. Bhain an fear an féasóg uaidh annsin agus fuair sé greim fiacla as gualann an táilliúra. “Ná déan é sin” ars an tailliúr. D’iarr sé an greim a bhaint as agus rug an bheirt ar a céile ins an leabaidh. Bhí siad ag troid agus ag marbú a chéile nó gur thuit siad ar an urlár. “Beannacht leat” ars an fear anois, “tá [< anois tá] mise réidh leis an saoghal seo” “Go soirbhige Dia dhuit” ars an táilliúr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Collector
    Pól Ó Buadhacháin
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtin Ó Ceóinín
    Gender
    Male
    Address
    Carrowmore, Co. Galway