Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Shrule, Co. Mayo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Feall an Mhaoldomhnaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear ann agus thug sé sgian dó nuair a bhí fhios aige go raibh sé ag dul isteach go teach Maoldomhnaigh. Nuair a chuaidh sé isteach rith Maoldomhnaigh chuige le sgian mhór leis an sagart a mharbhadh agus rith sé amach as an teach le faithchíos. Chonnaic an fear a thug an sgian d’on sagart iad agus seo iad na fochla a dubhairt sé “an sgian, an sgian, an sgian”. Chas an sagart agus thosuigh sé ag troid leis an bhfear acht mharbhuigh an sagart an fear. Chuir “St George” daoine ar thóuigheacht “Joyce” a thóg an sagart ó lámha Maoldomhnaigh agus fuaireadar é ar thaobh (cu) cnuic. Thógadar suas go Gaillimh é len a chrochadh ann agus nuair a bhí sé ag dul suas ag teach “St George”. D’fhéac “St George amach agus dubhairt sé le “Joyce” go raibh sé ag dul suas agus nach raibh sé teacht anuas arís beó. Nuair a chuaidh sé go Gaillimh dubhairt sé leis na daoine gur peachadh é féin a mharbhadh mar bhí fhios aige an áit i gCo. Mhaigheó in a raibh airgead faoi an dtalamh. Dubhairt sé leó nach mbeadh aon duine in ann é a fhagháil gan é féin a bheith ann leó. Chuireadar síos go Co. Mhaigheó é le “scort” Saighdiúir agus nuair a bhí sé in aice le doras “St George” chuir “St George” a cheann amach an doras agus dubhairt sé le “St George” Is bréagaidhe an mhór thú mar dubhairt tú liom nach dtiocfadh mé síos an bóthar sin beó arís. Dubhairt sé leis nach rachadh sé suas an bóthar sin beó arís agus chrochadar é ar an dún mór atá in aice le Cnoch Rún. D’fhágadar annsin é go raibh sé lobhthadh agus chrochadar builín in aice le’n a bhéal agus níor thógadar anuas iad thuiteadar anuas ó’n rud a chrochtar ann é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge