School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 001
  3. XML “Feall an Mhaoldomhnaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Feall an Mhaoldomhnaigh.
    Tá cloch-Aifrinn i gCorr an Mhuilinn láimh le Sruthar agus bhí sagart ag léigheamh Aifrinn ann lá amháin. Bhí fear in Áth Chinn agus bhéarfadh sé cúig punt ar gach ceann sagairt a gheobhfadh sé. Bhí fear dar b’ainm dó Maoldomhnaig agus bhí fhios aige go raibh an sagart ann. Rug sé ar an sagart agus chuir sé rópa-tuighe thart ar a mhuineál. “St George” an t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí in Áth Chinn. Bhí an Maoldomhnach sin ag dul suas go “St George” leis an gcúig punt a fhagháil ar ceann an t-sagairt. Bhí sé ag dul suas ag baile beag agus “Joyce-park” an t-ainm a bhí air nuair a tháinig fear anuas an bóthar ag marcuigheacht ar chapall agus “Joyce” an t-ainm a bhí air. Dubhairt sé le Maoldomhnaigh an sagart a leigint amach agus dubhairt sé leis (go mharbhóchadh) nach ndeanfadh sé é sin. Tháinig sé anuas d’en chapall agus dubhairt sé leis go mharbhóchadh sé é muna leigfeadh sé amach an sagart agus chuir sé troid air go ndeachaidh an sagart ó lámha Maoldomhnaigh. Chonnaic daoine an sagart ag dul idir Cnochfada agus Cluain bun Abhainn. Chuaidh an Maoldomhnaigh abhaile agus dubhairt sé go raibh sé tinn mar bhí fhios aige go raibh fhios ag a mhnaoi an áit in a raibh an sagart. Bhí a lán páisdí aca agus bhí sé uaidh cúig punt a fagháil. Dubhairt sé léití fios a chur ar sagart agus chuaidh sí le sagart a fhagháil. Tháinig sé léithí agus nuair a bhí sé in aice leis an teach bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish