School: Craig Dhubh
- Location:
- Cregduff, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Mac Giobúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Craig Dhubh
- XML Page 414
- XML “Feenone”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bportach mór atá toir Cruaic Pádhraic agus Maol Réidh in aice "Feenone". Bhí Diarmuid agus Gráinne rompa i "bFeenone" agus gan mórán seans aca ealó an úair seo. Cheap Diarmuid an chleas seo. Rinne sé an dá leabaidh Diarmuda seo, ceann sa bfraoch agus ceann sa ngaineamh os a chomhair. Líon sé dhá mhála - ceann de'n fhraoch agus ceann de ghaineamh. Shocruigh sé a mhála fraoigh sa leabaidh Dhiarmuda a bhí sa ngaineamh agus an mála gainimh sa leabaidh a bhí bhfraoch ag an gceann eile de'n bhaile sa bportach. Gach ré oidhche chodluigheadh sé féin agus Gráinne in gach leabaidh.Thosuigh Fionn agus an Fhian ag cuartú na h-áite acht theip ortha teacht ar an mbeirt a bhí i bfolach. Nuair a bhí ag cinnt ar Fhinn d' eirigh sé an-corruighthe agus chuimhnigh sé ar an "bfiacal feasa". Chuir sé a ordóg faoí agus d' fáisg sé i lár oidhche airithe agus dhún sé a shuile.
"Feicim iad" ar seisean "in a gcodladh ar leabaidh gainimh". Amach cuartuighidh cois fairrge! Rinne an Fhian amhlaidh acht ní bhfuair siad(continues on next page)- Collector
- S. Mac Guibiún
- Gender
- Male
- Informant
- John Kerrigan
- Gender
- Male