School: Koilmore (roll number 14115)

Location:
Cuilmore, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0099, Page 055

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0099, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Koilmore
  2. XML Page 055
  3. XML “Seanscéalta - An Fear a Bhí ar Meisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin, bhi Fear ag Garrdha Éamuinn i m-Béal Átha h-Amhnais ar an aonach, lá Fheíle Phádhraic. D'ól sé a lán uisge beatha agus leinne duibhe an Feadh an laé.
    D'Fhág sé an baile-mhor agus ghluaise sé go mall go dtí go d-táinig sé go Bricíní. Shiudh sé síos ar chlaidhe, agus thuit sé i n-a chodhladh. Duisigheadh é. D'iarr sé ar na daoinibh a dhuisigh é, céard a bhi ag teastáil uaithe. Dubhairt siad go n-inniscóchadh sead dho an rud a bhi ag teastáil uaithe. Iomchuradh 'san aér é go bárr Sliab Chairn. Chonnaic sé daoine annsin nach raibh fhios aige ortha. D'innis siad dhó go raibh air bean a éalúghadh, a bhi pósta an lá sin, agus sean-bhean a chur i n-a áit, a gheobhadh bás i dá lá. Ní raibh Fhios aige cén caoi a gheobhadh sé an bean, acht d'innis siad an rún dhó. Dheunfadh siad duine do-Fheicte dhe. Bhí air dhul go dtí an teach i n-a raibh an pósadh ar siubhal. Dá m-beadh sé i-n-ann sraoi a bhaint as an brídeach trí h-uaire, bhí sí Faoín smacht. Do sháith an Fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Patrick Prendergast
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cuilmore, Co. Mayo