School: Cnocán Mhichíl Naofa (Clochar)
- Location:
- Claremorris, Co. Mayo
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Táim in mo chomhnuidhe i gCill-Éinne i bParráiste Árann. Tíghthe tuighe is mó atá ann. Tá daoine ann os cionn seachtmhadh bliadhain d'aois. Tá togha na Gaedhilge acu. Tá siad i n-ann scéalta breághtha a innseacht i nGaedhilg.
Seoighe an sloinne is coitcheannta ann. Sé Cill-Rónáin an baile mór is goire dó. Bhí i bhfad níos mó daoine i gCill-Éinne sa t-sean aimsir ná mar tá faoi láthair. Is i gCill-Éinne a chaith Naomh Éinne an chuid is mó dá shaoghal, agus is mar sin a fuair an áit a ainm. Cumadh amhrán i dtaobh báthadh mór a bhí ar Aill na nGlasóg lá Féile Muire sa bhFóghmhar sa mbliadhain ocht gcéad déag go leith agus a dó. Tá cáil mhór ar Chill-Éinne san amhrán mar báthadh cheithre feara déag as an áit an lá sin. Seo bhéarsa de'n amhrán.
Bhí brón agus crádh i gCill-Éinne an lá úd.Bhí aithreacha agus máthaireacha ag gol 's ag caoin,Agus gaolta grádhmhar go comhacht cráidhte,Ag éagcaoin na sár-fhear nach bfilleadh choidhche.Is sampla uathbhásach an chreach an tráth úd,Do thárla an lá úd go tobann luathar,Ar Aill na nGlasóg i dtóinn na h-áite,(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Address
- Cill Éinne, Co. Galway