School: Baile an Daingin (C.) (roll number 4828)

Location:
Ballindine, Co. Mayo
Teacher:
Máire de Staic

Filter stories

Back
/ 666 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0096, Page 405

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí tré teach beag in aice Baile an Daingin uair amháin agus ins an gceann ba lugha acu bhí fear agus a bhean in a gcomhnuidhe ann. An lá seo bhí gé acu le h-aghaidh an dinnéir. Bhí go maith is ní raibh go h-olc chuaidh an fear amach mar ba ghnáthach leis ins an ngáirdín ag obair agus d'fág sé an bhean in a suidhe cois an teineadh. Bhí go maith thosaigh an fear bocht ag obair go daingin. I lár an laé d'féach sé suas san gréin agus dúbhairt sé leis féin "Tá sé in am dinnéir". Chaith sé a láidhe uaidh agus isteach leis go dtí an teach. Bhí an bean in a suidhe cois na teineadh. D'féach an feara timcheall an tighe agus bhí an pota agus rudaí eile i lár an urláir. D'féach sé ar an mbord agus bhí na plátaí agus na sgeana ann, agus iad salach mar bheadh siad tar éis dinnéir. "Tóg suas an gé ars an

(continues on next page)
Collector
Dilly Casey
Gender
female
Address
Ballindine, Co. Mayo
Informant
Peter Fahey
Gender
male
Age
73
Address
Ballindine, Co. Mayo
Language
Irish