School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teach Chaoin (B.)
- XML Page 197
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)éigin ar an gceannuightheoir. Deireann an ceannuightheóir leis a lámh a shíneadh amach. Síneann sé a lámh amach agus tairgeann se luach éigin ar an mbeithidheach.ó gan éa thógáil. Má bhionn an ceannuightheóir sásta buaIleann sé bos ar agus deireann sé leis é a thógáil n. Má thógann sé cuireann sé laitheach ar an mbeitheadhach le maide. Annsin geárann sé a mharc air le siosúr, tarra no séal éigin eile. Annsin mar dubhras ceana tugann sé eirnist dó.
Nuair a ceannuightear capall is iondamhail go dtugann an díoltóir an t-ádhastar don gceannuighthoir go speiséalta más fear tuaithe a cheannuigheann é. Nuair a thosuigheann duine ag ceannacht ma thosuigheann an beithidheach ag mún ní thógfadh sé é mar deireadh sé nach mbeidh sé ádhmahil é a dhéanamh.
I Mí Dheireadh Fóghmhair in Aibrean agus i Mí na Nodlaig a thárluigheann na h-aontaí is mo le rádh. Bionn aontaí i gcóir na mbeithidheach agus na gcaorach le chéile agus aontaí i gcóir na muc agus na mbanbh. Ní bhionn aon aonach(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male