Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)

Suíomh:
Tagheen, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Ó Maoilearca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 188

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
  2. XML Leathanach 188
  3. XML “An Brat Bhríde”
  4. XML “Cros Bhríde”
  5. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    píosa éadaigh deirg agus fag amuigh é ar feadh na h-oidhche. Go h-iondamhail is píosa dearg a cuirtear amach. Roimh breith dó’n mbuin ceanglaighthear stiall den éadach seo ar a ruball. Tugtar brat Bríghde ar an éadach seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cros Bhríghde.
    Tarraingtear luachair agus deantar beart de Oichdhe Fhéile Bríghde téigheann duine go dtí an doras druidthe agus an beart seo ina láimh aige. Buaileann sé ar an doras agus deireann – “Téighid ar bhur nglúnaibh agus fosclaidhe bhur súile agus leig isteach Brighid”.
    Ma chaitear brat Bríghde ar bhuin nach nglanann tar éis laoi a bheith aice deirtear go nglanfaidh sí go tapaidh. Cuirtear stiall dén bhrat Bríghde ar ruball bó roimh breith dí. Deantar creasa dén tuighe buitreach agus cuirtear in áirde sa tígh iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.