School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teach Chaoin (B.)
- XML Page 186
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ceangluightear na ba le rópaí agus slabhraí a bionn ar stácaí. Bionn na ceangail tart ar a muinéal. An píosa a bhionn ar an stáca tugtar eigin air agus an píosa a bhionn ar a muinéal tugtar ceangal air.
Ar a chois a bhionn an gamhain ceangailta go mbionn sé cúpla mí. Tugtar “coiseacán” ar an gceangal seo, Deantar na ceangail (cuid mhaith aca ar chaoi ar bith) san áit seo de chochan agus tuighe buaitreach.
Má mholann duine bó gan baile o Dia a chur uirrí ta dainsear ann go ndeanfadh sé droch súil dí agus mar a gcuirfidh sé bail o Dhia uirrí uait-se agus cacbó in do shúilibh. Deirtear go mbuaileann na daoine maithe bó le saighead agus go bhfuigheadh an bhó bás mar a ndeanfaidh tú airid na saighead dí seo mar a deantar é.
Faigh saigheadanna agus cuir i gcruisgín iad in aonfeacht 1 1/2 d agus píosa da scilling na déanfad eocar in ionad an píosa dhá [dhá] scilling. Annsin lion an cruisgín le h-uisge. Tabhair naoi mbraon dó’n mbuin taobh istigh den doras agus caith an deichmeadh braon ar siubhail dí agus theipeann sin tabair naoi mbraon dí as an gcruisgín taobh amuigh den doras. Má theipeann istigh agus amuigh(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male