School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)

Location:
Tagheen, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Maoilearca

Filter stories

Back
/ 207 Forward
Resolution: Low | High
Teach Chaoin (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0096, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

187 Tosach coille agus deireadh bogaigh.
188 Troid na mbó maol.
189 Triur gan riaghal – bean – muile agus muc.
190 Trom cearc i bhfad.
191 Tuigeann fear leigheann leath-fhocal.
192 Tuisleann saoi.
193 Tuar gorta gailsíon a’s gairbh-síon.
194 Tuar fogla fearthainne dian.
195 Tuige an áith ar an muileann.
196 Uabhar gan tairbhe,
[197] Ualach giolla na leisce.
[198] Uaisleacht gan suibháilce
[199] Uisce d’iomchur i gcriathar.

Seo iad na h-ainmhidhthe ata again – ba, capaill, caoirigh, asail, gabhair, muca, madaidh, cait, lachain, géabha agus franncaigh, Ainmneacha na mbó :- an mhaol, an bhó dhubh, an bhó óg, an riabhach, an bhó ghorm, bess, Muiris, bó Uí Maolaithche, Cuibí, bó uí Linne, bó Uí Chléirigh agus mar sin de. Nuair a bhínn a dtiomaint deirim – habha, h-ord amach agus hursa. Ar teach na mbó tugtar an oró no oró na mbó. Cuirtear greabhar nó moin bháin raithneach, luachar, cochan fraoch, sean fhéar tirm agus tuighe na gcruach mar easair faoi na buaibh.

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Maoilearca
Gender
male
Language
Irish