School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teach Chaoin (B.)
- XML Page 178
- XML “Seanráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nó ag caitheamh cloch le cuan, Comhairle a thabhairt do mhnaoi buirb. Nó ag bualadh uird ar iarann fhuar.
46 Ceannuigh droch rud agus béidhir gan an rud.
47 Cé ar bith a ólas ‘sé Domhnall a íocfas.
48 Claoidheann neart ceart.
49 Cnuasaigh in am oireamhnach.
50 Cnuasaighe na graineóige.
51 Chonnaic sé Murchadh na cuid d’á chuideachta.
52 Cormach breithimh ‘na mbreith fíor.
53 Cuairt ghearr agus é a dhéanamh go h-anamh.
54 Cúl le gaoith agus aghaidh le teas.
55 Dhá dtrian sneachta le sléibhtibh,
Dhá dtrian gréine le gleantaibh.
Dhá dtrian tinnis ag lucht aoise,
Dhá dtrian baoise ag óige,
Dhá dtrian sainte ag sean-duine,
Dhá dtrian gaoithe le crainnaibh,
Dhá dtrian cainte ag lucht páiste,
Dhá dtrian corach ag luch céille,
Dhá dtrian luirg ag bóithribh,
Dhá dtrian feoite ag aosda,
56 Deacair dréim leis an mhuir mhór.
57 Dealg múnlaigh, fiacal con, focal amadáin.(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male