Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Tagheen, Co. Mayo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
- XML Leathanach 176
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Ráidthe
1 Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
2 Is fear rith maith na droch sheasamh.
3 Mol an óige agus tiocfaidh sé.
4 Tosach maith leath na h-oibre.
5 Is fear éan sa lámh na dha cheann sa tor.
6 Is deacair fuil a bhaint as turnaip.
7 Aimhideacht gearr is í is fear.
8 Ailneacht mná ionraice gnidheann cuntas cruaidh.
9 Ar lí ní breith fear gan súilibh.
10 Aithnuigheann ciaróg, ciaróg eile.
11 Aithnigheann oinseach locht amadáin.
12 In am na braidte braidtear do chongnamh.
13 Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
14 Gheobhann an capall bás an fhad a bhíonn an fear ag fás.
15 An rud nach goidtear fáightear.
16 An rud a choigleas na mná itheann an cait é.
17 An rud nach bhfáigtear sé a fhóireas.
18 Ar aon nídh is annamh bidh choidhche dearmad.
19 Ar theacht na bhfocal borb is bin béal iadhte.
20 An té nach truagh leat do chás ná dean do ghearán leis.
21 An té atá thuas óltar deoch air, An té atá thíos buailtear cos air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann