School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)

Location:
Tagheen, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Maoilearca

Filter stories

Back
/ 207 Forward
Resolution: Low | High
Teach Chaoin (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0096, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

siad buideal sean éadaigh agus aon rud eile a gheibheann siad.
2 Myers. Tinncéirí. Téigheann cuid aca thart ar rothair agus bíonn an cuid eile ag siubhail no ar chairteanna. Diolann siad earraidhe beaga agus cruinnuigheann siad dáirc.
3 Muinntear Uí Suibhne – Tinncéirí. As an áit seo a muinntir ach comhnuigheann siad féin i gCo. Na Gaillimhe. Oibrigheann siad ag rudaí eile thar tinncéireacht m.s. ag glanadh tíghthe beaga ag[us]rl.
4 Na Bairéadaigh – Cruinnuigheann siad seo buidéal, díolann siad asail, agus sean chapaill. Deanann siad cleasa nirt agus ealadhain ar aonaigh agus ar mhargaidh.
5 Tomas Mac Nioclás – Caitheann sé an geomhreadh i detach na mbocht agus cruinnuigheann sé déirc ar feadh an tsamhraidh.

Lios no Fóirtín. Tá lios an mhór ar ghabhaltas Gearóid Uí Ainmnigh i gCeathramh Móir. Ta an lios seo cruinn agus tá crainn ag fás ar imeall an liosa. Tá sé an árd agus tá claidhe deanta thart air.

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Maoilearca
Gender
male
Language
Irish