School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teach Chaoin (B.)
- XML Page 172
- XML “Laethanta Áirithe”
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)pór an lá seo deirtear na loicfidh siad. Bíonnn imtheacht air stiuch an lá seo.
Lá Bealtaine – Má nígheann tú do lámha sa dtrúcht trí h-uaire agus iad a bheith triomuighthe agat roimh éirigh gréine béidh réiteach in do lámhaibh ar fadh na bliadhna sin.
Ní ceart teine a fhadú go moch ar maidin ar fhaitchíos go dtógtaí im nó bainne uait. Dá nígheadh cailín óg a h-aghaidh sa drúcht le h-ais sgeiche gile bheadh sí sonasmhar agus dathamhail i rith na bliadhna.
Bheadh an t-ádh ort dá dtéightheá i seilbh tíghe nua air Aoine an Chéasta.
Lá Coille – Má thosuigheann [ ]ag caoineadh an la seo beidh tú ag caoineadh ar feadh na bliadhna.
Lá Naomh Swithin 15adh Iul. Má chuireann sé an lá seo cuirfidh sé go ceann 40 lá. - Lucht Siubhail
Glaodhann lucht siubhail go dtí mo theach ó am go h-am. Seo thíos ainmneacha an méid ata ar eolas agam.
1 Muintear Mocháin – Tincéirí Deasuigheann siad earraidhe stain agus cruinnuigheann(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male