School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)

Location:
Tagheen, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Maoilearca

Filter stories

Back
/ 207 Forward
Resolution: Low | High
Teach Chaoin (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0096, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Leighiseanna
Fáirthiní – Uisge cloiche gan iarraidh. Iad a níghe san uisce no smugairle a caitheamh orra gach maidin agus tú in do throsgadh.
Dóghadh Siongáin – Na focal seo a rádh. – Ball ruadh ar na siongain, ball ruadh orm fein, má dhóigheann tú mé dóighfidh mé tú.
Dóghadh Neanntóige – Súgh na gcapóg a chur ar an dóghadh.
Bhruitíneach – Súgh na neanntóg a ól.

Laetheannta Áirithe
Dia Luain – Ní ceart bearradh an Luain No fearradh an tSathairn. Ní ceart obair ar bith a thosnú Dia Sathairn no “lá na leanbh”. Ni ceart airgead a thabhairt uait Dia Luain, ma fhagann tú briseadh ar ais baineann sé an dochar as.
Trí lá na Riabhaighe – An chéad, an dara agus an tríomhadh lá de Aibreán. Bíonn na laethe seo go h-olc i gcomhnuidhe beagnach.
Aoine An Chéasta – Má cuirtear síl no

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Maoilearca
Gender
male
Language
Irish