School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teach Chaoin (B.)
- XML Page 168
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lánamhan bliadhain pósta.
Nuair a póstaí lánamhain fadó bhiodh bainfhéis aca agus bhiodh ithe agus ól ar an mbainfhéis.
Tagadh buachaillí tíghe go dtí an teach agus iad gléasta i sean sgiortai agus léinteacha bána. Bhiodh hataí ortha déanta de chochán mar seo. Bhiodh na h-ataí tarraingtthe anuas ar a gcinn sa riocht nar bhféidir iad a aithint. Thagadís isteach agus bhiodh caiptín agus seargeant ortha. Damhsuigheadh an caiptín nuadh posta agus leis an gcumhal dála.
Nuair a bheadh an damhsa seo thart bheadh cead a gcinn ag na buachaillí tíghe damhsa le na rogha cailín. Da nglacadh siad uisge beatha tugtaí dhobhtha e agus mara a mbeadh siad sásta ag imtheacht dobhtha bheadh faitchios ar lucht na bainfhéise go ndóigheadh siad na h-ataí cocháin agus dá ndóigheadh siad iad deirtí nach mbeadh an lánamhain óg rathamair. Creidtear freisin má bhíonn throid no bruigheann ar an mbainfhéis nach réidhteocha an lanamhain óg le céile.
Creidtear freisin nach ceart go bhfeicfeadh an lánamhain óg a chéile lá an phósaidhthe go gcastaí ag an séipéal iad. Tagann siad(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male