Sean Scoileanna Sar ar cuireadh na scoileanna Náisiúnda ar bun bhiodh scoileanna scairte scoileanns fóidín nó gear scoileanna thart sa gceanntar seo. Manaigh mná riaghalta nó máighistirí scoile a bhiodh ag múineadh ionnta. Tíghthe déanta de fhóidíní nó cloche a bhí ionnta agus iad cumhdaighthe le tuighe. Is minic a bhiodh braon anuas ar na scoláirí agus iad ag foghluim. Comhnuigheadh na manaigh nó na mná riaghalta ins na mainistreacha agus ins na clochair ach téigheadh na máistreacha ó theach go teach. Cuireadh siad futha i dtighthe na bpáistí a bhiod ag teach tar scoil. Íocadh tuismightheóirí na bpáistí iad gach ráithe. Bhí mainistir i Mhuigheo sa mbliadhan 668 A.D. agus thainic scoláirí ón Európ go dtí an scoil sin mar bhí troid ina dtír féin. Mar gheall ar an mead scoláire a tháinigh chuige tugadh Muigheo na Sacsan ar an áit.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »