School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Féilí na bliadhna
Aimsear Bheannaithe na Nodlag
‘Se an Nodlaig an féasta is mo sa bhliadain. Bíonn sé ar siubhal o Oidhche Nodlag go dtí i lá Nodlag beag agus lá saoire isead gach aon lá den dá lá déag san.
Ins an áit iargcúlta seo tagann áthas croide gach duine nuair a bhíonn an Nodlag ag teacht agus ní dhéintear aon obair i rith na h-aimsire sin ach pé gnó tighe is riachtannach. Ní mór a bhíonn le déanamh an t-am sin den mblian ach féachaint i ndiaidh na mbó agus na mbeithidheach. Roimh teacht na Nodlag bimíd go léir ana ghnothach ag glanadh an tighe. Bhíonn m’athair taobh amuigh ag cur dín ar an tigh agus ag cur slacht is críche ar gach aon rud. Bhíonn mó mháthair taobh istigh go dícheallach ag dathú, ag nighe agus ag aolú fallaí in ónóir don Rí atá ag teacht.
Cúpla lá roimh Nodlaig téigheann m’athair agus mó mháthair go dtí Caisléan-a-bharraigh agus beireann siad an “Nodlaig” abhaile leo agus bíonn ualach mór aca nuair a bhíonn siad ag filleadh abhaile. Bíonn té is suícra, oráistí is ubhla is milseáin, bairíní breaca, buidéal fuiscí agus a lán pórtair,(continues on next page)- Collector
- Brigidh Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo
- Informant
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo