School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 93

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 93

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 93
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá poll báidhte i dTurloch, agus roimh bás Mhic an Ghearailt do chuir sé cupla barraille óir thíos annsin. Chuaidh tomadóír síos chun na barraillí a thrraing amach. Dó shrioch sé tóin an phuill. Na a dhiaidh tamaill tháinig sé aníos arís. Dubhairt sé nach rachadh sé síos arís. Fritheadh fear eile agus do chuaidh sé síos agus nuair a tháinig sé aníos dubhairt sé an rud céadna is a dubhairt an fear eile "Ní rachaidh mé síos arís." Chuaidh fear eile síos agus cheangail sé slabhradh ar na barraillibh chun iad a tharraing amach. Thosuigh na fir ar a míle dícheall ag tarraing na mbarraille acht brisead an slabhradh agus tháinig madra mór duh go bárr an uisge agus thosuigh sé ag tafaint ar a míle dhícheall. Bhí madra eile ag Mac an Gearailt agus do chuaidh sé isteach san uisge. Mharbhuigh an madra mór dubh é agus síos leo go tóin an phuill. Tháinig an madra mór dubh go bárr an uisge arís agus chuir sé a dhá lapa timcheall ar na barraillí agus do sciob sé leis iad go tóin an phuill agus tá siad annsin fós.
    Deirtear go mbíonn an madra céadna le feiceál go minic ar bhruach an phuill ag tuitim na h-oidhche.
    Bríghidh Ní Rabhlaigh
    Gort
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brígidh Ní Rabhlaigh
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo
    Informant
    Seán Mac Rabhlaigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Gort, Co. Mayo