School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin

Filter stories

Back
/ 248 Forward
Resolution: Low | High
Cistí Óir i bhFolach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 88

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá corr áit ins an ndúthaigh seo in a bhfuil ór i bhfolach. Tá ór i bhfolac i gCnoc a Ghleanna in n-aice tighe mo sheana mháthar ag bun an chnuic . Fadó do léighidh sagart an Aifreann ins an áit seo. Tá dhá chloic in aice a chéile i bpáirc i gCnoc ghleanna. Aon lá amháin bhí fear ag dul thar an áit sin. Chonnaic sé firín beag bídeach in a shuidhe ar an clochaibh. D'fhiafruigh an fear d'en bhfirín an raibh fhios aige cá raibh ór le fághail ."Tá ór in aice na cloiche sin " arsan firín beag. Chuaidh an fear abhaile le haghaidh spáid.D'Fhéac sé thart timcheal na h-áite in a raibh an leipreachán . Chonnaich se raithneach ins an bpáirc . Thosuigh se ag cartadh fe na clochaibh . Chuala sé ghuth a rád 'chuir síos an cré sin nó ní bhéidh tú beó bliadhain O'n am seo aris "Tháinig sceon ar an bhfear agus chuir é síos an cré
Oidhche eile bhí sé ag teacht abhaile in aice na h-áite

(continues on next page)
Collector
Cáit Ní Rabhlaigh
Gender
female
Address
Gort, Co. Mayo
Informant
Seán Mac Rabhlaigh
Relation
unknown
Gender
male
Age
80
Occupation
feirmeoir
Address
Gort, Co. Mayo
Language
Irish