School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 237
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó deintí arán de mhín coirce. Do mheilidís an grán sa mbaile. Deireann na sean-daoine go mbeirbhuigheadh siad an coirce i bpóta mór agus sin é an chaoi a mheilidís é. Fadó déinidís arán le prataí agus déinidis caca eile ar a tugtar bocstí.
Sin é an chaoi a déinidís an bocstí. Ar dtús gheibhidís prataí beirbhuighthe agus bhrisidís iad. Annsin cuiridís uisge isteach chun iad meascú ar a chéile, agus chuiridís síos ar an greidill chun iad a bachail, annsin do chuiridís isteach i bpíosa eadaigh chun go bfaiscidís an t-uisge asta agus cuiridís na prataí isteach san gcaca agus sin é an caoi a deinidís bocstí. Cuiridís an t-arán ar an ngreidill .Amanta cuiridís crós ar na cacá chun nach ngoidfeadh na sideoga é. Bhí muileann i "gCouyaslin" timcheall mile o Pont-Abann chun an grainne a mheilt. Déintí sórt arain de mhin coirce agus cuiridí ins an luachra i agus nuair a thugaidís amach é bhíodh é an chruaidh agus tugadh "Tom steel" air. Nuair a bhíodh na daoine ag dul go hAmericu bhíodh caca ngreidill aca in a málaibh agus nuair a bhíodh muir galar ortha d'iosaidis an caca ngreidill.- Collector
- Máire Ní h-Éalaig
- Gender
- Female