School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 220
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá droichead deág ar an mbóthar sin agus deireann na sean daoine nach raibh aon droicead ann fadó agus nach raibh aon bóthar ann acht an oiread. Bhíodh casán an chaol déanta de chlochaib. Deireann na sean daoine gur le linn an ghortaig a dhéanadh na bóithre sin. Do bhíodh na fir agus na mná ag obair ionnta agus gheibheadh na fir agus na mna láidre raol sa ló agus na daoine laga trí pinginn sa ló.
    Tá sean casán ag dul sios an cnoc idir Largan agus Atty Appleton agus ceann eile o Doirín go dtí Port-Abann. Tá ceann eile freisin trid an phortaigh ó scoil Gríanáín go Doirín agus dhá cheann eile ag sínead treasna na bportach ó'n ait seo go dtí an bóthar ó Caisleán-a-Bharraigh go Pont-Abhann.
    Tá droichead ar an abhainn atá mar teorann idir Gríanan agus Tabnach Cnámh agus uair amháin do bhí tháilliuir in a chomhnaide i nGríanán in aice na sgoile ins an teach in a bfuil Pádraig Mac Séambarsac in a chomhnaide anois. Bhí dhá culath éadaig le déanamh aige le h-aghaid beirt fhear i dTabhnach Cnámh, duine aca darb ainm Sheridan agus duine eile a bhí in a chomnaidhe ins an dteach in a bhfuil Brígidh Ní Chearnaigh anois. Do bhí an táilliuir ag fuaghail ar fead an lae agus ní raibh na culatha críocnuighthe aige tuiteamh na h-oidhche agus do bhí air na culatha eadaigh d'fhagail i dtighthe na bhfear an oidhche sin.
    Bhí se a dó dhéag a chlog (meadhon oidhche) nuair do bhí se ag dul thar an abha sin agus do bhí an ghealach ag soillsiugadh. Go direach nuair do léim se thar an abhann chonnaic se rud bán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Brígidh Ní Chuimilín
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo
    Informant
    Áine Bean Uí Cuimilín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo