School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 206
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do luigh an droch-saoghal ar an gceanntar seo fadó. Thainig an dubh ar na prataí a bhí ag fás agus do lobhadar ins an talamh agus do bhí an biadh go h-an gan annsin, mar dob iad na prátaí an biad is mo a bhí ag na daoine le n-ithe. Do bhí an plúr go h-an daor agus ní raibh na daoine in ann é do cheannacht agus do bhíodar ag fághail bháis ar thaob na boithre ins na pairceanna, agus ins na tighthibh leis an ocras.
    As an ocras sin d'eiriig faobhar ar an tugtar "féar gorta" agus nuair do thagadh an faobhar sin ar na daoine do bidis chomh lag sin is gur thuiteadh siad agus do geibidis bás. Níor h-adhlacadh iad ar chor ar bith agus do d'ith na madrai na cuirp agus na daoine a siubal ar an bpíosa talmhan sin fuaradar an faobhras freisin.
    Tá áit in mo cheanntar in aice le Tabhnach Sheain ar do slighe go Caisléan-a-Bharraigh agus tá tobar fíor uisghe san áit sin agus má ólann duine an t-uisge sin tiocfaidh an faobhras air, mar an blian in a raibh an gorta fuair a lán daoine bás leis an faobras ins an áit sin agus do chuaidh an nimh isteach san uisge agus o shoin i leith tá an t-uisge go dona. Trathnona amháin san samrad do bhí fear ag teacht abaile ó'n mbaile mór agus do bhí tart mór air. Ní raibh fios aige go raibh an t-uisge go dona agus do chrom sé sios chun deoch d'fhághail. Nuair a bhí a sháith olta aige do thosuig se ag siubhal acht do thosuigh se ag eirig lag. Do luigh se síos ar thaobh na bóthair. D'fhan sé annsin ar feadh cúpla uair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Brígidh Ní Chuimilín
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo
    Informant
    Áine Bean Uí Cuimilín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo