School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 204
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit in-aice na h-áite seo ar a tugtar "Garrda Guirt". Paírc mor atá ann timcheall dhá ácra agus deirtear go bhfuil a lán daoine curtha ann, daoine a fuair bás le ocras agus le faobhras le linn an gortaigh mhoír.
    San mbliadhain sin níor chuir na daoine morán fataí agus nuair a thaínig an gorta bhí na sgiollán ithte suas as an talamh ag cuid des na daoine súl ar fásadar chor ar bith.
    Aon oidhche amháin d'fán Sean O Coinnigh beann Dé lé'n a ainm, ina shuidhe ar feádh na h-oidhche ag tabhairt aire dos na prátai. Tar éis tamaill chonnaic sé fear ag teacht chuig an pháirc in a raibh na prátai. Chuaidh Seán suas leis chun cosg a chur leis. Bhí sé go h-án lág. Diarr an fear ar Seán an raibh cúpla prátai aige cun tabhairt dó le nithe. Dubhairt Sean nach raibh aon prátaí aige ach go dtógfadh sé píosa araín dó agus nuair a bhí an píosa arán aige dimthigh sé.
    Do bhí sagairt ag cabhrú le na daoine cun biadh a fhághail agus bhí ar na daoine ó'n áit seo dul go Paírc go dtí an sagart chun chupla púnt míne agus pluír d'fághail. Do bhí an sagart ag iarraidh prátaí d'fághail o Sasnac agus sin é an caoi fuaireadar na prátai aca anois.
    (Tug mo sean-athair Pádraigh Mac Éil an t-adhbhar seo dom)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Éil
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    71