School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 132
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Se Gort an t-ainm ata ar an mbaile in a bfuil me in mo chomnaidhe. Áit iargúlta is eadh e. Tá sé suidhthe i bparróiste Turloc agus i mbarúntacht Carra. Tá dhá theach déág in mo bhaile anois - cinn tuighte atá ar ocht gcinn aca agus cinn slinne atá ar na ceithre cinn eile. Do bhí a lán tighthe i nGort fadó agus tá na sean-fhoithrigh le feicéal fós. Acht nuair do connaic na " Congested District Board " chomh bocht is a bhí an talamh agus na tighthe cruinnuighthe le chéile do chuireadar chuid de na daoine suas go Balla agus roinneadar a gcuid dtalamh ar na tineontaithe a bhí fághta.
    Deireann na daoine go bfuair an baile seo an t-ainm sin Gort ó'n fochal " Field " i mbéarla. Cé go bhfuil an talamh sléibhteamhail agus bocht tá áiteanna imeasg na gcloch mór ina bhfuil barraí ag fás agus beathuightear caoirigh ar na sléibhthe agus díoltar an olann i mBéal Easa.
    Tá ceathrar sean-duine ins an mbaile áta os cionn 70 mbliain. Is é Seán Mac Rabhlaig an duine is beodha dhíobh. Tá féasóg fhada ruadh air agus tá sé chomh h-óigeanta le duine nach raibh thar an leithchéad. Tá a shúilí beodha geára glasa fós agus tá sé chomh díreach le slait. Tá sé in-ann móin a tharraint abhaile ó'n bportach agus na ba a thiomáint. Is e atá in-ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Gort, Co. Mayo
    Collector
    Brigidh Ní Chuimilín
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo