School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 130
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is é Largan an baile in a bhfuil mé in mo chomhnuidhe. Tá sé suidhte i bparróiste Turloch agus i mbarúntacht Carra. Tá naoi dtighthe i Lárgan anois agus do bhí rí ina comhnuidhe ann fadó. Bhí dun aige ann. Aon teach déag bhí ann fadó. Tá seacht dtighthe ann agus daoine de sloinne Mac Éil atá na gcomhnuidhe ionnta. Tugadh an t-ainm sin Lárgan air mar tá sé i lár na sléibte.
    Tá beirt shean-fhear os cionn 70 bliadhain d'aois ann - Risteard Mac Éil agus Sean Mac Éil is ainm dóibh. Fear beodha brioghmhar is ead Risteard. Is air a bíos an gliondar ag dul go Ros le h-aghaidh a pensiun gach Aoine.
    Maidin amháin nuair a bhí Sean Mac Éil ag tabhairt aire des na buaibh do shuid sé fé bun carraige ag bun an chnuic. Bhí sionnach ina shuidhe ar bhárr carraige eile agus do chonnaic sé ceann Sheáin, do rith sé shíos agus de léim sé suas ar ceann Seáin mar do ceap sé gur cearc a bhí ann. Bhí a lan daoine i Lárgan fadó acht tá said imthighthe as go Sasana agus America agus tá siad pósta annsan.
    Bhí sean-bhean ina comhnuidhe i Lárgan darb ainm dí Brighid Thomáis Mhóir. Tá sé na comhnuidhe i Sean-Bhaile anois. Tá sí ós cionn 80 bliadhain d'aois. Tá sí in-ann scéalta a innsint i nGaedilg.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Largan, Co. Mayo
    Collector
    Máire Nic Éil
    Gender
    Female
    Address
    Largan, Co. Mayo