School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 106
  3. XML “Oíche Shamhna i dTabhnach-Cnámh”
  4. XML “Oíche Shamhna i dTabhnach-Cnámh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon oiche Shamhna amháin chuaigh fear amach ag siubhal. Bhí sé ag siubhal cúpla
    nóiméad nó mar sin nuair do casadh triúr fear air. Bhí siaid ag iomchar comhrann.
    D’iarr an triúr fear ar an bhfear eile conghnamh a thabairt dóibh agus rinne sé amhlaidh.
    Nuair a bhí an fear cúpla nóiméad faoi gcomhrainn do, chuir sé síos é. D’fhéach sé isteach
    ann agus céard do chonnaic sé ocht cailín álainn agus í beó bríoghmhar. D’éirigh an cailín
    áluainn agus do shiubhail an bheirt acau go dtí teach an fhir.
    D’fhan an cailín áluinn ins an dteach ar feadh bliadhna gan fochal aisti ar feadh an ama
    sin. Oidhche Shamhna arís bhí an fear amuigh agus do chonnaic sé an triúr fear. Dubhairt
    an chéad fhear. “Bliadhain ó anocht fuair Diarmud a bhean.” “Cén maitheas ata innte”
    arsa an tarna fear “nuair nach féidir léi labhairt.” Chuir an tríomhadh fear isteach ar an
    gcainnt. “Tá bíoran suain le taobh dhá ceann” ar seisean, “agus dá dtógfaidhe amach é
    bheadh a lán cainnte aice.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghilliúín
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo
    Informant
    Tomás Mac Floinn
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Gort, Co. Mayo