School: Caurane (roll number 13175)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: P. Mac Giolla Gaileng
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane
- XML Page 234
- XML “Seanchas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an-chuimse sgéalta le cloisteál ag sean-daoine na h-áite seo i dtaobh na Lochlainnach - dream daoine a bhí in Éirinn na céadta bliadhain ó shoin. Is cosamail gur togha talamhaidhe a bhí ionnta sin, mar tá sé le tuigsint ó chainnt na sean-daoine go raibh modh oibre ar eolais aca nach raibh ar eolas ag na h-Éireannaig. Nidh nárbh ion gnadh shanntuigh siad an t-eolas sin, ach sin a raibh de mhaith dhóibh ann, mar d'eitigh na Lochlannaigh lom díreach ar thada a innseacht dóibh. Bhí an sgéal a dhul sa muilinn ar na h-Éireannaigh ce'n chaoi a bhféadfaidís an ceann is fearr fághail ortha, agus a gcuid eolas a mealladh uatha. Teip ar bhrísean bladar, agus bagairt chomh maith le chéile.
Tárla go bhfúair na h-Eireannaigh greim ar thriúr Loclannach i beirt fear óg agus sean-fhear. Dubhairt siad leo go gcuirfhidís cun bhais iad muna n-innsighidhís chuile shórt. Dubhairt airt(continues on next page)