Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)

Suíomh:
An Doire, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Ó Cathain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 78

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 78

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire
  2. XML Leathanach 78
  3. XML “An Príosúnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl brígh ar bith chuaidheas ins an bpriosún
    Ní le gadaideacht caora ná cursaí mra
    Ach le bráoinín poitín chuaidh thart sa tír seo
    Agus gur thóg na police me da uair roimh lá
    Sé Sergent Almhick an bachach muimhneach
    Chuir as an tír seo mé go Dun na nGall
    Sé chuir ticéadh dom le dul ins an bpríosún
    Agus na ba bhuan a saoghal le thaob a mná
    An lá fuair mé thicéad le dul san bpriosún
    Sé mo léan nár síneadh mé i gcónra cláir
    N'áit a mbéinn-se ó imnidhe an t-saoghail seo
    ´S gan le fághail ach aon bhás amháin
    Toghadh síos mé go geataí an phriosúin
    ´S d'fiafruigheadh díom-sa cad é an t-am
    Dhá mhí fhada gan tobach ná pópa
    Greann ná siamsa na gloine óil
    Gleasadh suas mé in mo chulaith suarach
    Mo caipín chluasach 's mo chota gearr
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ceapaigh na Creiche, Co. Mayo