School: Doire (roll number 16852)

Location:
An Doire, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Cathain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire
  2. XML Page 121
  3. XML “Scéal - Poll na Gaoithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Poll na gaoithe
    Bhí lánamhúin ann fadhó agus ní raibh acu acht aon mhac amháin. Sé’n t-ainm a bhí air Seághainín bán mar bhí gruagh bhán air.
    Bhí sé i gcomhnuidhe ag iarraid mhná acht, ní bhfuigheadh sé aon bhean i ngeall go raibh sé bhán. D’imthigh sé leis aon lá amháin.
    Bhí sé ag toruigheacht mná. Táinich sé go dhtí poll. Connaich sé bean thíos sa bpoll. “An bpósfaí thú mé?” ar seisean. “Níl mé inann” ar síse “mar ní bfuair mé an cumhacht.”
    Cuaidh sé abhaile agus d’innis sé an sghéal dhá mháthair.
    Teírigh ar sise agus dún an poll. Nuair a cuaidh sé go dhtí Poll na gaoithe tosuigh sé ag caitheamh sgroitheacha síos sa bpoll.
    Éist liom ars’ an bhean agus bhéarfaidh mé bhó duith a bheireas airgeadh duith agus níl orth a radh léi acht “give me money old cow”.
    Cuaidh an fear go dhtí teach Uncal agus d’fhán sé ann an oidhce seo. D’innis sé an sghéal don Uncal. Ar maidhin lae ar n-a bhárach tug an fear bhó a bhí aige féin dhó in ionadh an cinn eile.
    Nuair a chuaidh sé abhaile chuaidh sé go dhtí an siopa agus cheannuigh sé braithlín le leagan faoi’n mbuinn.
    Leag sé faoi’n mbuin í agus dubhairth sé leithí.
    “Give me money old cow”.
    Ach ní thiubhradh sí aon airgeadh dhó. Tháinic an féarg air agus dubhairth sé “dhúnfaidh mé poll na gaoithe go cinnthe anois”.
    Chuaidh sé go dhtí poll na gaoithe agus thosuigh sé ag dhúnadh an phúill. Éisth liom ars’ an bhean agus bhéarfaidh me sgilidhín duith agus ní bhéidh orth a radh leis acht.
    “Boil ur skilletin”. [Skeleton]
    Nuair a bhí sé ag dul abhaile táinich an oidhce air agus cuaidh sé go dhtí teac a Uncal agus d’fhán sé ann an oidhche sin.
    Ar maidhin lae ar n-a bhárach nuair a bhí sé ag dul abhaile é féin agus an agus an sgilléadh a tug an t-Uncal dhó.
    Nuair a cuaidh sé abhaile léagh sé an sgilléadh ar an mbord agus dubhairth.
    “Boil up Skillet”
    Acht níor thosuigh an sgilleadh ag fiuchadh.
    Táinich an-fearg air, agus dubhairth sé leis féin. “Dúnfaidh mé Póll na gaoithe go cinnthe anois.” Chuaidh sé go dhtí Póll na gaoithe nuair a thosuigh sé dhá dúnadh. Dubhairth an bhean leis “ná dún é agus bhéarfaidh mé camán duith agus ní béidh orth a rádh leis acht “Strike away caimín” agus léagfaidh sí gach duine a bhéas roimhe.
    “Ní thóigfidh mé” ar seisean. Dubhairth tú liom cheana nach mbhéadh ormh acht a rádh leis an mbuinn
    “Give me money old cow”. agus go dtiúbhradh sí airgeadh dhom agus nuair a dubhairth mé leithí “give me money old cow” “Níor tugh sí dhom é.”
    Bhuel is í bhó t-uncail a túgh thú leath in ionadh na bhó a tugh mise dhuit” ar sise.
    Annsin chuaidh sé go teach Uncal. Bhí go leór daoine ag cuairteacht san teach nuair a chuaidh sé isteach dubhairth sé
    “Strike away cáimín” agus bhí bhean in-a suidhe ar an mbeaich agus chuir sé isteach faoi’n leabhaidh í.
    Dubhairth an t-uncal leis bhéarfaidh mé duith an bhó agus an sgilléadh má téigheann thú abhaile.
    Cuaidh sé abhaile agus túgh sé leis an bhó an sgilléadh agus an cáimhín agus bhí sé saidhbir sáthach uaidh sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Seóighe
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mayo