School: Sraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith
- XML Page 171
- XML “Máire na Rann”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí bean i dTuar na bFód ar thaoib Sléibhe Partraighe. Sé an t-ainm bhí uirrthi Máire na Rann. Bhiodh sí ag imtheacht leis na sídheóghaibh. Oidhche amháin, táinig fear ar a tóir agus bhí sé a' marcuigheacht ar chapall bhán. Dúbhairt sé léithi theacht leis. Nuair a bhí siad ag imtheacht amach an cnoc dúbhairt sé gur go dtí an Sraithín Bán a bhí siad ag imtheacht. Dúbhairt sé go ngabhfaidís isteach sa Lios ag Ráithe an Óir agus go mbeadh na daoine a bhí istigh ann ag tabhairt airgid agus óir dí acht gan é a ghlacadh agus go dtiubhfraidís filléadh glas dí annsin. agus é sin a ghlacadh acht gan é a thabhairt abhaile. Ghlac sí an filléadh agus thug sí léiti é. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile chaith sí suas ar chrann é. Chuaidh sí isteach sa teach annsin agus chuaidh sí a codhladh. Nuair a d'eirigh sí ar maidin bhí an crann dóighte.
Pádhraig Ó Éanachain, Gort-na-Chuilinn, an tSraith (45) (no title)
“Uair amháin bhí fear dár b'ainm Micheál Éamuinn sa gcnoc ag tóruigheacht caoirigh.”
Uair amháin bhí fear dár b'ainm Micheál Éamuinn sa gcnoc (Sliabh Partraighe) ag tóruigheacht caoirigh agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile tháinig sé go dtí lios ag Ráithe An Óir. Chuala sé an torann istigh ann. agus sheas sé tamall taobh amuic ag éisteacht. Ba ghearr go dtáinig fear amach agus dúbhairt sé - “Cuir amach capall(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Donnachadha
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Tamhnaigh, Co. Mayo