School: Sraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith
- XML Page 168
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Go mbeannuighidh Dia dhuit a phaidir gheal”
“Go mbeannuighid Dia dhuit a phaidir gheal.
Go mbeannuighidh Dia is Muire dhuit féin
Cér chodail tú aréir.
Mar a chodail Mac Dé
Cé chodhlócadh tú anocht?
Mar a codhlóchas na boicht.
Cé chodhlóchas tú amáireach
I leabaidh Phádhraig
Céard é sin romhat?
Tá na h-Ainglí.
Céard é sin do dhiaidh
Tá na h-Aspolai.
Céard é sin ar do láim dheis
Trí bhraon de'n Uisge Dómhnaigh
A chuir an Mhuire Mhór liom
lé seoladh ó dhoras go doras Phádhraig
Mhuire is a Mac, Bríghid is a brat
Miceál is a sgiath Dia is A Neart
Idir sinn agus gach olc. Idir sinn agus gach bás spídeamhlach
Idir sinn agus sean chúmhacht an t-áirbiseoir.go piantai Ifrinn.
Seo í siar an Ghrian
Is a dhá láim gheala thairsti aniar
Tá fáinne óir ar gach méar léithi
Is í ag siubhal na seacht rioghachtai
Ag éisteacht lé clog binn an chrainn ag ? gach lá
Aon duine a dh'éarfhas é seo gach tráth(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Gort Bhun an Chuilinn, Co. Mayo