School: Sraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- “An té nach bfuil bó ar chnoc aige, bionn suaimhneas sna suip aige ar maidin”“Chuile dhuine ag iarraidh a chórach féin is an gaduidhe ag iarraidh a chrochadh”“Ní breágthacht a dheananns brachán acht min”Uair amháin bhí fear amuic in Achadh Ghabair (Fhobhair?) agus sé an t-ainm bhí air Colm Dubh. Nuair a bhí Naomh Pádhraig ag deanamh an flaictheach? (Clog Teach) bhí fir rithte gearr i mbeathadh agus bhí go leor beithidhig ag Colm Dubh. Lá amháin d'iarr Pádhraig bó air agus dúbhairt sé leis an tarbh bhí sa bpáirc a thabhairt leis. Nuair a chuaidh Pádhraig abhaile dúbhairt sé lé ceann dá chuid fir dhul ar tóir an tairb agus dúbhairt an fear nach mbeadh sé i nann a thabhairt leis. Dúbhairt Pádhraig leis go dtiochfhadh an tarbh aige ag carthadh na talmhana agus dúbhairt sé leis bárr an t-slait fhágáilt air agus go shiubalfhadh sé leis go réidh. Thugh sé leis an tarbh agus d'itheadar é agus dúbhairt Pádhraig leo chuile cheann des na cnámhaib agus an craiceann a fhágailt(continues on next page)