School: Sraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith
- XML Page 160
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí buachaill agus a mháthair ann fado agus bhí bó agus uan acu.”
Bhí buachaill agus a mháthair ann fadó is bhí bó agus uan aca. An lá seo chuaidh an buachaill ag seoladh an bhó agus an uain go dtí an croc. Chonnaic sé tom neanntóg agus chonnaic sé girrfhiadh agus rith an girrfiadh isteach sa tom neanntóg agus lean an madadh an girrfhiad agus rith an buachaill isteach na dhiaidh agus chuadar isteach go dtí teachín beag agus bhí sean bhean na suidhe ar an stól ann agus d'fiafruigh sí de'n bhuachaill a raibh aon ocras air. Dúbhairt seisean go raibh agus leag sí anuas gach uile sórt bídh dhó is nuair a bhí an biadh leagtha anuas aici chuaidh sí isteach sa leabaidh agus leag sí mála óir faoi na cloigeann. Nuair a fuair an buachaill 'na codhladh í goid sé an mála óir agus bhí sé saidhbhir arís ar feadh a shaoghail.Bionn se ar buis is bionn sé ar bais
Bionn sé ar bárr an chúlu ? (chlaide) ghláis
Téigeann sé anonn go tír na long
Is teagann sé anall go teorach deas.
(An ceo)