School: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (roll number 14410)

Location:
Castlebar, Co. Mayo
Teacher:
An tSr. M. Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh
  2. XML Page 441
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áitainmneacha
    Cúpla míle ó Chaisleán a bharraigh tá áit agus tugtar Doire bháis air. Cúpla blian o shoin bhí na ba go léir ag fághail báis agus nuair a gheibheadh ceann acú bás roinneadh a cuid feóla idir gach cloinn san sráidbaile. Aon lá amháin thaínic sean-bhean isteach i dteach mná in a raibh dá bhuin tar-éis fághail bháis agus bhí an fheoil i dtubán san seómra, d’Iarr an tsean-bhean uirthi píosa den fheoil a thabhairt di agus dubhairt sí nach raibh an fheoil aici. “Go deimhin tá a bhean bhoict tá brón orm a rádh go bhfuil an oiread feóla agat” leis sin thug an bhean píosa den fheóil don sean mnaoi. Do ghabh an sean bhean buidheachas léithí agus chuaidh sín an doras amach. Ag dul dí dubhairt sí “Ar maidin nuair atá tú ag cur amach an luaithreach cuir uisge ann ionnós nach mbéidh sé ag séideadh in-éadan na ndaoine uaisle atá ag gabháil an bhealaigh”. Dubhairt sí léi freisin an talamh faoi sgeic bhig a bhí ag fás sa ngairdín a sguabad. Gheall an bhean dí go ndéanfadh sí na rudaí agus d’imthigh an bhean léi. Nóiméad in a dhiaidh sin chuaidh bean an tighe cun an doras
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Derrycoosh, Co. Mayo
    Collector
    Bríghid Ní Mháirtín
    Gender
    Female
    Informant
    Mairéad Ní Mháirtín
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Moneenbradagh, Co. Mayo