School: Eaglais

Location:
Burren, Co. Mayo
Teacher:
Seosamh Ó Mongaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eaglais
  2. XML Page 286
  3. XML “Seán Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus b'é an t-ainm a bhí air Seán. Bhí sé pósta agus bhí lán an tighe de mhalraigh aige. Cébí rud thuit amach d'ionntuigh an saoghal in a aghaidh agus b'éigea do Sheán bocht dul amach ag lorg oibre. Lá amháin casadh fear air agus dubhairt sé go raibh sé ag tógáil cúirte acht go dtagadh daoine éicin san oidhche agus leagadís é agus gheall sé dhá bhfanadh Seán leis san oidhche ag tabhairt aire do na cúirte go dtabharfadh sé íocúicht mhór dhó. Chuaidh Seán leis agus é an-tsásta leis féin. Nuair a tháinic an oidhche chuaidh Seán go dtí an chúirt. Ní raibh sé i bhfad ann gur tháinic tríur fear sidhe isteach. Suas le Seán an simléir agus thug sé láidhe leis. Bhí na fir ag iarraidh dul suas an simléir acht chongbhuigh Seán síos iad gur thosuigh an choileach ag bhlaodhach. Annsin d' imthigh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Lil Ní Mhonghaigh
    Gender
    Female