School: Eaglais

Location:
Burren, Co. Mayo
Teacher:
Seosamh Ó Mongaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 284

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 284

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eaglais
  2. XML Page 284
  3. XML “An Cófra Cloiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air "Goban Saor". Bhí sé in a shaor cloiche agus ní raibh a shárú le fághail ar an domhan. Lá amháin rinne sé comhra cloiche agus chuir sé ar thaobh an bhóthair ar aghaidh súl na ndaoine. Annsin chuaidh sé i bhfolach comhgarach le go gcluiche feadh sé barramhail na ndaoine dhó. I gceann tamaill tháinic sgata daoine agus bá é barramhail a mbunáite go mba bhreágh an comhra é marach na cosa a beith ró-fhada. Nuair a bhíodar imthighthe thart tháinic sé amach agus ghior sé na cosa roinnt agus chuaidh sé i bhfolach arís. Tháinic sgata daoine eile thart agus ba é a mbarramhail - san go mba deas an comhra é marach go raibh na cosa ró-ghearr. Thuig sé annsin gur mhór an t-amadán a bhéadh ag iarraidh chuile dhuine a shású.
    Níor dhún Dia bearna ariamh nár fhosgail sé bearna eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Collector
    Lil Ní Mhonghaigh
    Gender
    Female