School: Eaglais

Location:
Burren, Co. Mayo
Teacher:
Seosamh Ó Mongaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0089, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eaglais
  2. XML Page 280
  3. XML “An Cor agus an Cam”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá ar na Mháiriach bhuail an Gobán agus an mac bóthar arís. An t-am seo nuair dhubhairt an Gobán leis an mac an bóthar a ghiorrú thosuigh sé ag innseacht scéil dó. Níor dhubhairt an Gobán tada anois mar bhí fhios aige gur chuir an bheag comhairle air an t-am seo. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc agus shcroicheadar teach an duine uasal agus thosuigheadar ag tógáil na cúirte. Chuimhnigh an mac ar an gcomhairle a thug a bhean dó agus bhí sé an-mhór leis na cailíní. Nuair a bhí an chúirt beagnach tógtha acu tháinic cailín chuig an mh[?] agus dubhairt sí leis go 'rabhadar le h-iad a chur chun bháis. Nuair a beadh an chúirt réidh acu sa gco[?] nach mbéadh aon chúirt eile chomh breágh leis ins an domhan agus dubhairt sí go mbéadh gárda orra agus nach mbéadh aon ghoir acu éalódh. D' innis an mac do'n Gobán gach ar dhubhairt an cailín leis agus thosuigh Gobán ag cuimhneadh ar céard a dhéanfadh sé. Nuair a bhí an cúirt críochnuighthe aige tháinic an duine uasal amach agus d' fhiafraigh sé dhe an raibh an cúirt críochnuighthe aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Collector
    Ail Ní Mhonghaigh
    Gender
    Female