School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Location:
Newport, Co. Mayo
Teacher:
An tSr Padraig
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Page 010
  3. XML “Beirt Bhan Rialta as Burgus Umhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur". Ní féidir ar ndóigh an sean-fhocal do shárú, agus tá a cruthú againn ag muinntear Bhurguis Umhaill. Tá imtheachta Chromail an Áir, nó mar a tugtar air ag muinntir Burguis Umhaill a[ ] Cromal dubh na malachta i mbéal gach duine, agus béidh an fhaid a mhairfeas fothraig na mainistreach agus an chlochair na measg. Is fearr a n-eólas agus a meas ar ar tharla san am sin, ná atá dá dtuitim amach na measg an lá indiú. Is minic a chonnacas súile an sgéaluidhe dá lionadh leis na deóra guirt, agus sgéal brónach na mban riaghalta da aith-innsint aige.
    Ar dtús ní rabhas abálta bun ná barr, tús ná dheire do chur ar an sgéal seo in mo dhiaidh, mar ní hé an leagan céadna abhí ag sgéaluidhthe air. Sa deire fuaras amach gur dhá sgéal abhí ann agus iad measgthe ag na daoine. Táim cinnte faoi sin anois, mar tá dhá oileán ann - oileán na mban riaghalta agus oileán na naomh. Tá míle idir an dá oileán seo. Baineann an chead [sgéal] le oileán na mban riaghalta agus an dara sgéal le oileán na naomh.
    An leagan atá agam annseo air, is ó Seán Mac Giollaruaidh fuaras é. (Féach leachannach a 6).
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Giollaruaidh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Occupation
    Mac feirmeora
    Address
    Newport, Co. Mayo