School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Location:
Newport, Co. Mayo
Teacher:
An tSr Padraig
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Page 006
  3. XML “Manach as Burgus Umhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 20.6.'34
    Seán Mac Giollaruaidh Baile Uí Fhiacháin Co Mhuigheó a d'innis an dá phíosa ina mo dhiaidh annseo dom. Mac feilméara atá ann. Ó sean daoine an bhaile a chuala sé iad, agús na gasúr. (?) Fear meadhon aosta atá ann faoi lathair.
    Lá amháin nuair abhí manach as Burgus Umhaill amuigh ag siúbhlóid dó féin, casadh an diabhal air i bhfuirm fir. Ach d'aithin an manach é. Fear an-naomhtha abhí ann agus mar gheall ar sin bé toil Dé go dtriallfadh an diabhal é. Nuair a thuig an diabhal gur aithin an manach é thosnuigh sé ag drannadh leis agus ag magadh faoi. Dubhairt sé go raibh an pápa i gcruaidh-chas, agus go raibh deire le na ré mar bhí an lamh in uachtar ag a naimhdhe air. Chuir an diabhal an manach faoi gheasa é d'iomchar (go dtí) ar a dhruim chomh fada leis an Róimh, go bhfeicfeadh sé le na shuile féin cén bhail abhí ar an bpápa. Rinne an manach amhlaidh mar bé sin Toil Dé freisin. Ar fairrge chuadar agus shiubhal an manach ar bharr na dtonntracha móra feargacha chomh éasgaidh is dá mba bothar mór mín abhí faoi na chosa loma. Níor bhain an diabhal an straois de féin ná níor stop sé ach ag magadh faoin manach bocht agus faoin bpápa i rith an ama.
    Bhí eólas maith ag an diabhal an méid maitheasa abhí dhá dhéanamh ag an manach i measg daoine Bhurguis Umhaill. Mar gheall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Giollaruaidh
    Gender
    Male
    Occupation
    Mac feirmeora
    Address
    Newport, Co. Mayo